Dúirt teaghlach mná óig inniu, ar mharaigh a páirtí í nach mór dhá bhliain ó shin go bhfuil siad fós an-shuaite dá bharr agus gur goideadh áthas an tsaoil uathu nuair a maraíodh í. 

Níos luaithe an mhí seo, fuarthas Oisín Conroy, 34 bliain d'aois as Ardán Íosaif i Mainistir na Buaille, Contae Ros Comáin neamhchiontach i ndúnmharú Natalie McGuinness a bhí 23 bliain d'aois i Sligeach i Mí Dheireadh Fómhair 2015.

Cinneadh go raibh sé go hiomlán as a mheabhair.

Chuir an Breitheamh Oisín Conroy isteach sa Phríomh-Ospidéal Meabhair Ghalair go dtí go ndeinfear ordú eile. Dúirt an teaghlach inniu ná dearúdfaidh siad an méid a tharlaigh do Natalie go deo na ndeor.