Tá sé ráite ag Bainisteoir Choláiste Samhraidh Ghael Linn, Jamie Ó Tuama, go bhfuil easpa tithe lóistín i mBaile Bhúirne ag cur todhchaí na gcúrsaí Gaelainne ansan i mbaol. 


Deir sé go mbeadh ceithre scór dalta cónaithe an ceann acu ar an dá chúrsa i mbliana dá mbeadh sé thigh lóistín ar fáil mar a bhíodh cheana seachas trí thigh a bhí ar fáil i mbliana.