Toghadh Micheál Naughton as Laghey mar Chomhairleoir Contae do cheantar bardais Dhún na nGall, ag coinbhinsiún a bhí ag páirtí Fhianna Fáil i mBaile Dhún na nGall aréir.

Tagann sé in áit Séan McEniff a bhí mar Chomhairleoir Contae ag Fianna Fáil ón bhliain 1967 agus a fuair bás i mí Aibreán i mbliana.