Tá sé deimhnithe ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte do Nuacht an Iarthair gur éirigh leis an iarrthóir sa bpróiseas earcaíochta a bhí acu le Dochtúir Teaghlaigh a cheapadh ar an gCeathrú Rua.

Iarrthóir amháin a bhí ar an bpost a fógraíodh mí Bealtaine seo.

Tá an tairiscint déanta agus má ghlacann an té seo leis an bpost, beifear in ann a shocrú cén uair a rachaidh an dochtúir nua i mbun oibre.

Tuigtear go bhfuil roinnt cumais Ghaeilge ag an té atá i gceist.

Seo é an dara huair le bliain gur fhógair Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte folúntas do Dhochtúir Teaghlaigh ar an gCeathrú Rua.

Ceapfar an dochtúir nua in áit an Dr. Mary Feerick atá ag eirí as a cuid cúraimí an mhí seo chugainn.