Dúirt an tAire Stáit Sean Kyne go raibh sé thar a bheith díomách leis an moill atá á chur ar an obair atá le déanamh ar chéibh Inis Oírr. 

Tá sé tugtha faoi deara anois ag Roinn na Gaeltachta nár cuireadh an próiseas soláthar poiblí i gcrích mar is ceart sna blianta 2005 go 2006, nuair a ceapadh an comhlacht RPS le tabhairt faoin obair seo.

Fágann sé seo go gcaithfear tús a chur in athuair leis an bpróiseas tairisceana don obair.

Tá sé ráite ag an gComhairle Contae go raibh Roinn na Gaeltachta ar an eolas ag an am, faoin bpróiseas.

Ní raibh súil ar bith leis an gcor is deireanaí seo sa scéal, a deir an tAire Stáit, agus níl aon ghlacadh aige leis go dtógfaidh an próiseas chomh fada agus atá á feidhmeannaigh na comhairle contae a rá.

Dheimhnigh sé go mbeadh maoiniú ar fáil le tabhairt faoin obair, mar go bhfuil sé i bplean caipitil an Rialtais.