Dúirt Éamon Ó Duibhir ó Choiste Bád Tarrthála an Bhaile Ghlais ar an gclár seo, go bhfuil an t-eolas atá ag daoine áitiúla an-tábhachtach agus cuardach ar bun mar atá faoi láthair ag Carraig an Toir, i gContae Mhaigh Eo.

Tá Paul Ormsby agus Ciarán Smith, beirt de chriú heileacaptar tarrthála R116 an Gharda Cósta a thuairt 4 mhí ó shin, fós ar iarraidh. Níor cuireadh iascairí áitiúla ná foireann an bháid tarrthála ar an eolas faoin gcuardach nua seo, a deir Ó Duibhir, cé go raibh siad an-lárnach sa gcéad chuardach.

Le linn na dea-aimsire mí Bealtaine a bhí acu an cuardach seo a dhéanamh dar leis,  agus is deacair a thuiscint céard atá tumadóirí ag súil a aimsiú anois, mura bhfuil eolas ar leith acu, nach bhfuil siad ag roinnt, a deir sé.

Tá súil ag tumadóirí de chuid na nGardaí eangach speisialta a úsáid le eolas a fháil faoi ghrinneall na farraige agus iad i mbun an chuardaithe inniu.

Bhí siad le dhul amach ag an deireadh seachtaine ach chinn orthu, mar gheall ar an drochaimsir.