Déanfar cuardach amach ó Cho. Mhaigh Eo an deireadh seachtaine seo mar chuid den fhiosrúchán atá ar bun faoi thimpiste héileacaptair an Gharda Cósta R116 níos luaithe i mbliana.

Bhásaigh ceathrar criú sa tragóid sin agus tá beirt díobh fós ar iarraidh.

4 mhí ar aghaidh tá ceisteanna á gcur faoin timpiste seo a tharla sa Tor in iarthar Mhaigh Eo, áit ar thuairt an héileacaptair i ndiaidh dó stráice talún a bhualadh ar an oileán..

Ina measc tá cén uair go díreach a fuarthas amach nach raibh an t-oileán sin luaite ar chóras foláirimh an héileacaptair. 

Tuairiscíodh aréir gur cuireadh fainic ar CHC, an fochonraitheoir atá i bhfeighil ar sheirbhísí an Gharda Cósta, 4 bliana ó shin, nach raibh an Tor ar ghléas sabháilteachta digiteach R116.

Smionagar ón R116 a fuarthas amach ó Mhaigh Eo

Ó 2013, tá gléas sábháilteachta istigh i héileacaptair tarrthála na tíre, a thugann rabhadh don chriú nuair a eitlíonn siad ró-ghar don talamh nó ró-ghar do rud éigin rompu ina mbealach. 

Ní raibh an Tor ar an gcóras sabháilteachta sin. 

Ar chlár teilifíse de chuid RTÉ, 'Prime Time' aréir, tuairiscíodh gur ardaíodh seo mar cheist sábháilteachta i 2013, ach nár ceartaíodh é. 

Chonaic 'Prime Time' sraith ríomhphost idir an Garda Cósta agus CHC.

Taoiseach na linne Enda Kenny (dara duine ó chlé) ar an láthair cuardaigh

Deir Údarás Eitlíochta na hÉireann agus CHC nach féidir leo aon ráiteas a dhéanamh mar gheall go bhfuil fiosrúchán fós ar siúl maidir leis an eachtra. 

Ach dheimhnigh siad go raibh teach solais an oileáin le feiscint ar chairteanna fisiciúla.

Dúirt an tÚdarás chomh maith go bhfuair siad scéala 9 lá tar éis na tubaiste ar an Tor go raibh an t-eolas a bhí acu ar a gcuid léarscáileanna oifigiúla maidir le Sceilig Mhíchíl, míchruinn. 

Léiríodh ar an mapa a dúradh go raibh airde an oileáin sin i bhfad ní ab ísle ná mar a bhí.