Bhí suas le 400 duine i láthair sa Chrannóg i Ros Muc i gConamara aréir do chraoladh speisialta ar an scannán faisnéise 'Rocky Ros Muc', faoi shaol an iardhornálaí áitiúil, Seán Ó Mainnín.

Bhain Ó Mainnín cáil mhór amach ina ghairm sna 80idí.

Taispeáineadh an scannán seo cheana i Boston i mí Aibreán seo caite, agus arís ag Féile Scannánaíochta na Gaillimhe arú aréir.

Bhí Seán Ó Mainnín é féin i láthair aréir, agus léiríodh ardmheas don fhear seo de bhunadh na háite a chuaigh leis an dornálaíocht ghairmiúil i Meiriceá sna 80idí.

Ba i nDeireadh Fómhair 1984 a throid Ó Mainnín i gCraobh Meánmheachain Gairmiúil an Domhain i Madison Square Garden i Nua Eabhrac.

Ba lena chéile comhraic Mike McCallum an oíche sin áfach, ach ba laoch é Ó Mainnín i súile na ndaoine freisin sa bhealach ar thoid sé go cróga, agus d'fhan ina sheasamh agus é faoi ionsaí fíochmhar go minic le linn an 12 babhta.

Go deimhin bhí sé de cháil ar Ó Mainnín nár leagadh riamh é sa bhfáinne le linn a shaoil ghairmiúil agus breis is 60 troid curtha dhe aige.

Lasadh tinte cnámha dó fud fad Chonamara i ndiaidh a throid le McCallum; lasadh arís aréir dó iad agus fáilte á chur roimhe ar ais i measc a mhuintire féin.

Ansin chonaic formhór de phobal Ros Muc den chéad uair gaiscí agus íobairtí móra Uí Mhainnín i gcaitheamh a shaoil mar dhornálaí gairmiúil.

Sileadh deora aréir agus 'Rocky Ros Muc' ina steillebheatha ar an scáileán.

Agus fógraíodh inniu go bhfuil an oiread éilimh ar an scannán seo ag 'Fleadh na Gaillimhe', go mbeidh sé á thaispeáint arís acu Dé Domhnaigh seo chugainn in Amharclann Halla na Cathrach nó an 'Town Hall' i nGaillimh.