Tá ceathrar tógtha ag na Gardaí faoin eachtra robála a tharla i gCo.Chill Chainnigh aréir.

Tharla sé i dteach ósta gar do Bhaile an Phoill thart ar 10.30.

Beirt a raibh púicíní orthu a chuaigh isteach sa teach ósta agus bhagair ar chustaiméirí agus ar an bhfoireann oibre.

Dúirt na gardaí nár éirigh leis na robálaithe aon ní a chrochadh leo agus nár gortaíodh aon duine san eachtra.

Ina dhiaidh sin a gabhadh beirt fhear sna fichidí, fear sna tríochaidí agus déagóir maidir leis an eachtra faoi Alt a 30 d'Acht um Chionta in aghaidh an Stáit 1939.

Tá beirt de na fir á gcoinneáil i stáisiún na ngardaí i gCill Chainnigh, agus an bheirt eile coinnithe i stáisiún na ngardaí i mBaile Mhic Andáin.