Beidh cruinniú ag oifigigh shinsearacha de chuid Chomhairle Contae na Gaillimhe leis an toscaireacht as oileán Inis Oírr ag tús na seachtaine seo chugainn.

Cathaoirleach na comhairle Eileen Mannion a shocraigh an cruinniú.

Socraíodh seo chun soiléiriú a fháil ó thaobh na Comhairle Contae faoin bhforbairt atá le déanamh ar an gCéibh in Inis Oírr.

Tá €2m tugtha don Roinn le haghaidh oibreacha éagsúla a dhéanamh ar an togra seo i mbliana.

Níl sé soiléir an gcuirfear an sciar nach mbeidh caite i mbliana ar fáil arís i 2018.

Is iad an Chomhairle Contae atá i gceannas ar an togra seo.

Comhairle Contae na Gaillimhe atá i gceannas ar thogra Ché Inis Oírr

Tá pleananna le réiteach agus conraitheoirí le fostú le tabhairt faoi fhorbairt na céibhe fós.

Tugadh le fios nach féidir an comhlacht comhairleoireachta, a bhí le ceapadh le haghaidh an réamh-obair a dhéanamh, a fhostú.

Ciallaíonn sé seo go gcaithfear tosú ar phróiseas nua tairisceana, rud a chuirfidh tuilleadh moille ar an bhforbairt.

Dúirt an Comhairleoir Contae Seán Ó Tuairisg, gurb é an soiléiriú is déanaí atá tugtha ag Stiúrthóir na Comhairle Contae, Michael Timmins dó, a bhfuil an cúram air innealtóir a fhostú le breathnú amach d'fhorbairt na céibhe in Inis Oírr, ná go dtógfaidh sé 3 mhí an post sin a líonadh anois.

Deimhníodh don Chomhairleoir Ó Tuairisg freisin go bhfuil feidhmeannach de chuid na Comhairle ag obair ar an 2 thogra seo faoi láthair in Inis Oírr agus in Inis Meáin agus nár cheart go gcoinneofaí siar na tograí.

Tá maoiniú curtha i leataobh ag Roinn na Gaeltachta le hinnealtóir a fhostú ar feadh  bliana le breathnú amach do na cáipéisí tairisceana d'fhorbairt na céibhe in Inis Oírr agus le breathnú amach do chéim a 3 d'fhorbairt chéibh Inis Meáin.  

Seasann an conradh sin ar feadh tréimhse bliana.

Beidh an deis ann fad a chur leis an gconradh sin má theastaíonn a dúradh.