D'fhéadfadh 60 post a bheith i mbaol i gConamara Theas.

Sin má dhéanann an tAire Talmhaíochta cinneadh an cuóta breise ronnach atá ag Éirinn a thabhairt do ghrúpa amháin sa tír seachas é a roinnt ar na ceantair cois cósta ar fad a dúradh.

Tá Cathal Gronnell ón mhonarcha 'Iasc Mara' i Ros a' Mhíl ag impí ar an Aire Talmhaíochta breathnú go grinn ar na ceantair cois cósta agus ar na bealaí a bhféadfaí pobail a choinneáil iontu nuair a chaithfidh sé cinneadh a dhéanamh faoi chuóta na ronnach.

Tuairiscíodh le gairid go bhfuil cinneadh tógtha ag an Aire an cuóta breise a thabhairt do na báid atá ceangailte leis na Cealla Beaga, i gCo.Dhún na nGall.

Tá na báid, a bhíodh ag plé le ronnacha i Ros  a Mhíl ceangailte anois leis na monarchana sna Cealla Beaga. Ceaptar go gcruthóidh sé seo deacrachtaí muna ndéanfaidh an tAire Talmhaíochta cinneadh stuama faoin gcuóta breise.