Gearradh téarma príosúin dhá bhliain déag ar fhear a cheangail agus a d'éignigh bean i seomra cruinnithe ostáin i mBaile Átha Cliath dhá bhliain ó shin.

Bhagair Keith Hearne, 28 bliain d'aois, as Tamhlacht i mBaile Átha Cliath go mbainfeadh sé feidhm as scian ar Dominique Meehan, 25 bliain. 

Bhagair sé freisin go mbrisfeadh sé a muineál agus an t-ionsaí brúidiúil gnéis á dhéanamh aige uirthi.

Coir thar a bheith tromchúiseach a thug an Breitheamh Patrick McCarthy ar an ionsaí. Dúirt sé go raibh drochbhail fágtha ar Dominique Meehan dá bharr.

Dúirt Dominique Meehan go raibh sí ag inseacht gur éigníodh í le go dtuigfeadh an pobal an tairbhe a bhaineann le gníomhartha barbartha mar é a thuairisciú go hoscailte.