Tá díomá léirithe ag Coiste Forbartha Phort Artúir i nGaoth Dobhair, Co Dhún na nGall, faoi gur tógadh gaineamh ón trá ansin an tseachtain seo caite.

Dúirt Coiste Forbartha Phort Artúir le RTÉ Raidió na Gaeltachta gur thug leoraithe móra lastaí gainimh ón trá go moch ar maidin an tseachtain seo caite.

Tá obair ar bun ag an gcoiste forbartha an comhshaol a chaomhnú agus a chosaint. Deir siad go bhfuil poll mór fágtha anois san áit a mbíodh talamh glas agus go bhfuil sé seo ag cur isteach go mór ar thírdhreach an cheantair.

Chuir an coiste Comhairle Contae Dhún na nGall ar an eolas faoin tochailt a bhí ar bun agus cuireadh deireadh leis, a deir siad.

Is ábhar díomá, a deir an coiste, nach bhfuil níos mó á dhéanamh ag an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra le limistéir atá faoi chaomhnú speisialta a chosaint mar is ceart.