Dhearbhaigh na Gardaí inniu gur gabhadh 90 duine le linn Railí Idirnáisiúnta Dhún na nGall ag an deireadh seachtaine.

Dúirt na Gardaí freisin gurb in ardú ar an líon daoine a tógadh anuraidh.

Gabhadh 25 den 90 duine mar go raibh amhras ar na Gardaí go raibh siad ag tiomáint faoi thionchar an óil. Tiocfaidh cuid acu sin os comhair cúirte go luath.