Deir muintir fir a bhásaigh de bharr taom croí agus é á thabhairt chun an ospidéil in otharcharr gur ceart fiosrúchán a bhunú láithreach faoin gcás.

Cailleadh Thomas Power, 38 bliain d'aois, as Dún Mór, Co Phort Láirge, agus an t-otharcharr á thabhairt ó Ospidéal Ollscoile Phort Láirge go Corcaigh tráthnóna inné. 

Bhí an t-otharcharr i nDún Garbhán - leath bealaigh idir Port Láirge agus Corcaigh - nuair a bhain an taom croí dó. 

Chuaigh sé go dtí an t-ospidéal i bPort Láirge é féin níos luaithe sa lá mar nach raibh sé ar fónamh. 

Deir a mhuintir go ndearnadh measúnú air san ospidéal agus go ndearnadh an cinneadh é a chur go Corcaigh mar nach bhfuil dóthain áiseanna cúraim croí ar fáil i bPort Láirge ar an deireadh seachtaine. 

Creideann a mhuintir go mbeadh sé fós ina bheatha dá mbeadh seirbhísí cúraim croí ar fáil go seasta i bPort Láirge.