Deir na póilíní i Londain go bhfuil an líon daoine a maraíodh sa dóiteán i dTúr Grenfell i White City in iarthar na cathrach an tseachtain seo caite ardaithe anois go 79 agus go bhféadfadh sé ardú tuilleadh fós.

Bhí nóiméad tosta ar fud na Breataine ar maidin in ómós na ndaoine a bhásaigh agus a gortaíodh sa tine maidin Dé Céadaoin seo caite.

Deir na póilíní gurb é an phríomhaidhm atá anois acu na coirp a aithint. Deirid gur cailleadh beirt nó níos mó ón teaghlach céanna in a lán cásanna.