Tá achainí déanta ag Pobal - an scátheagraíocht Gaeilge sa Tuaisceart - go mbeadh acht cuimsitheach Gaeilge mar thoradh ar na cainteanna idir na páirithe polaitíochta ansin faoi fheidhmeannas Stormont a bhunú arís. 

Dúirt stiúrthóir na heagraíochta Janet Muller go bhfuil iachall ar na páirtithe teacht ar shocrú.

Dúirt sí freisin go bhfuil cuid mhaith frustrachais ar mhuintir an Tuaiscirt ag fanacht le hAcht Gaeilge mar a gheall Rialtas na Breataine aon bhliain déag ó shin.

Tá tús á chur leis na cainteanna idir na páirtithe polaitíochta inniu.

Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney go bhfuil sé riachtanach go mbunófaí an feidhmeannas arís.

Dúirt an tAire go ndéanfadh seisean a dhícheall cinntiú go gcomhlíonfaí gach gné de Chomhaontú Aoine an Chéasta.