Tá dhá chúrsa ceoil trí Ghaeilge le cur ar fáil ag an Roinn Ceoil i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh an bhliain acadúil seo chugainn. Seo an chéad uair ag institiúid tríú leibhéal cúrsaí ceoil go hiomlán trí Ghaeilge a chur ar fáil. 

Dúirt an Dr Tríona Ní Shíocháin ón ollscoil nach bhfuil aon teorainn leis an oiliúint a chuireann cultúr beo na Gaeltachta ar dhaoine.

Ag labhairt di ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt an Dr Ní Shíocháin go bhfuil sé an-tábhachtach go mbeadh cur amach ag scoláirí tríú leibhéal ar an gcultúr sin.

Bhí ceangal nach beag ag Roinn Ceoil na hollscoile le ceantair Ghaeltachta na Mumhan tráth, a dúirt sí, agus tá sé i gceist na naisc seo a neartú trí bhíthin na gcúrsaí nua.