Bhí an mhí seo caite ar an mí ba mheasa le deich mbliana ina raibh daoine ag fanacht ar thralaithe san aonad timpistí agus éigeandála in Ospidéal Leitir Ceanainn, de réir figiúirí  ó Chumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann.

507 othar a bhí ag fanacht ar thralaithe san otharlann an mhí seo caite i gcomparáid le 38 sa tréimhse chéanna anuraidh.

Léiríonn figiúirí na n-altraí go raibh Ospidéal Leitir Ceanainn ar an tríú hotharlann is gnóthaí sa tír i mí Bealtaine i dtaca le daoine ag fanacht ar thralaithe de.

Dúirt Liam Doran nach bhfuil leapacha á gcur ar fáil san ospidéal mar gheall ar ghanntanas altraí agus fágann sin an áit faoi bhrú ollmhór.