Dúirt Príomh-Aoire an Rialtais Joe McHugh inniu gur cloíodh leis an nós imeachta ceart i dtaca le ceapachán Mháire Whelan ina breitheamh ar an gCúirt Achomhairc. 

Dúirt sé go bhfuil sé ag obair i gcomhar le Teachtaí Dála ón gComhghuaillíocht Neamhspleách maidir le ceapacháin daoine eile ina mbreithiúna san am atá le teacht. Thug sé le fios go mbeadh sé ag bualadh le cuid de na Teachtaí sin an tseachtain seo. 

Ar iarratas ón Rialtas, ceapadh an t-iarArd-Aighne Máire Whelan ina breitheamh ar an gCúirt Achomhairc ag ócáid oifigiúil in Áras an Uachtaráin ar maidin.

Tá conspóid tarraingthe ag an gceapachán, áfach. Maíonn Fianna Fáil go sáraíonn sé an comhaontú atá acu le Fine Gael agus go dtarraingeoidh siad aird ar an gceist sa Dáil amárach.