Tá sé iarrtha ag an Aire Iompair Shane Ross go ndéanfaí athbhreithniú ar chinneadh an Rialtais an t-iarArd-Aighne Máire Whelan a cheapadh ina breitheamh sa Chúirt Achomhairc.

Dúirt Fianna Fáil go sáraíonn an ceapachán an socrú atá déanta acu le Fine Gael.

Tá sé séanta ag an Aire Airgeadais agus Caiteachais Phoiblí Paschal Donohoe go raibh scéiméireacht pholaitiúil ar bun ag an Rialtas i gceapachán Mháire Whelan.

Dúirt Sinn Féin go bhfuil drochmheas tarraingthe ag an gceapachán ar an gcóras dlí. 

Ceapachán mícheart a thug Páirtí an Lucht Oibre air.