Tugadh fear 62 bliain, a bhíodh i bhfeighil páirc pheile i gceantar lár tíre, os comhair cúirte i gCo an Longfoirt inniu maidir le coireanna gnéis.

Cuireadh 144 cúis faoi ionsaithe gnéis a dhéanamh ar pháistí idir na blianta 2000 agus 2013 ina leith. Tá coireanna maidir le pornagrafaíocht leanaí curtha ina leith freisin. Ní féidir ainm an fhir a thabhairt ar chúinsí dlí.

Tugadh le fios sa chúirt gur ceathrar a ndearnadh ionsaithe gnéis orthu. 

Scaoileadh an fear amach ar bannaí ach tá coinníollacha i gceist.

Tabharfar os comhair cúirte arís é i mí Mheán Fómhair.