Tá an Coimisiún Comhionannais sa Tuaisceart i mbun fiosrúcháin faoin dóigh ar chuir an Roinn Pobal deireadh leis an scéim sparántachtaí Líofa ansin roimh an Nollaig. 

Bunaíodh an scéim le deis a thabhairt do dhaoine freastal ar ranganna Gaeilge sa Ghaeltacht. Luach £50,000 atá sa scéim. 

Tharraing an tAire Pobal Paul Givan ón DUP an maoiniú siar dhá lá roimh an Nollaig ach chuir sé ar fáil arís é an mhí dar gcionn. 

Bhí an cinneadh deireadh a chur leis an scéim ar cheann de na fáthanna gur tharraing Sinn Féin amach as feidhmeannas Stormont. 

Tá maoiniú hallaí pobail á fhiosrú ag an gCoimisiún Comhionannais freisin.