Deir an Roinn Oideachais le RTÉ Raidió na Gaeltachta go bhfuil sé tugtha le fios ag os cionn 70% de bhunscoileanna na Gaeltachta agus beagnach 90% de na meánscoileanna go bhfuil siad ag iarraidh aitheantas mar scoileanna Gaeltachta a fháil.

Deir an Roinn freisin go bhfuil síneadh curtha go dtí deireadh na míosa leis an dáta faoinar féidir le scoileanna iarratas a dhéanamh leis an aitheantas sin a fháil.

Dúirt an Roinn nach bhfuil aon mholadh déanta go n-athrófaí tuarastail na múinteoirí nó na liúntais a fhaigheann scoileanna muna ndéanann siad iarratas a bheith ina scoil Ghaeltachta.

Dúit Dónal Ó hAinifín, Uachtarán na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaeltachta, go mbeidh deis ag scoileanna nach bhfuil iarratas déanta acu ar aitheantas Gaeltachta go dtí seo é sin a dhéanamh an chéad bhliain eile.