Thug ceardchumainn na seirbhise poiblí foláireamh inniu go gcuirfidh siad i gcoinne aon iarracht ón Aire Coimirce Sóisialaí Leo Varadkar srian a chur ar chearta stailce má bhíonn sé ina cheannaire ar Fhine Gael.

Sheol an tAire Vardkar cáipéis faoi pholasaithe ina ndeirtear gur cheart go mbeadh rialú ón gCúirt Oibreachais ina cheangal ar fhostaithe agus fhostoirí agus go mbeadh bac ar stailceanna i gcásanna áirithe dá réir.