Sa Phríomh-Chúirt Choiriúil, fuarthas fear 35 bliain d'aois ciontach i ndúnmharú mná i seomra óstáin i mBaile Átha Cliath trí bliana ó shin.

Phléadáil Eric Locke as Cluain Dolcáin neamhchiontach i ndúnmharú Sonia Blount - a iarpháirtí -i seomra in Óstán an Plaza i dTamhlacht ar 16 Feabhra 2014.

Dúradh le linn na trialach gur lig Eric Locke air féin gur duine éigin eile a bhí ann nuair a rinne sé coinne léi ar Facebook. Dúradh gur thacht sé í.

Mhaígh sé gur ag iarraidh í a scanrú a bhí sé agus nach raibh sé i gceist aige í a mharú.