Tá imní agus fearg léirithe ag iascairí i gCiarraí Thiar arís an tseachtain seo i ndiaidh do rónta slad a dhéanamh ar ghabháil éisc ar cheann de bháid cois cósta. 

Tuigtear go bhfuil na cladaí róin timpeall na mBlascaodaí méadaithe go mór le blianta beaga anuas agus deirtear go bhfuil siad imithe i dtaithí ar mhodhanna iascaigh na mbád, go háirithe iascach na bpollóg.