Tá oifig na n-oibreacha poiblí ag moladh do dhaoine turas go dtí Sceilg Mhichíl ar chósta Uíbh Ráthaigh i gContae Chiarraí a chur in áirithe tamall maith sula mbíonn sé i gceist acu cuairt a thabhairt ar an Láithreán Oidhreachta Domhanda.

Tá an Sceilg oscailte arís ó inné, do bhiaiste turasóireachta an tsamhraidh. 

Bhí sé i gceist Sceilg Mhichíl a oscailt arís don bpobal, Dé Domhnaigh seo caite, ach cuireadh an oscailt sin siar de dheasca na drochaimsire. 

Tá sé tugtha le fios ag an OPW gur €60 an meánphraghas atá ar thicéad le cuairt a thabhairt ar an láthair UNESCO.