Tá tús curtha inniu le seirbhís nua aeir ag Aerfort Chorcaí.

Seirbhís nua a bheidh á rith ag WOW Air idir Aerfort Chorcaí agus Reykjavik na hÍoslainne atá inti. 

Beidh paisinéirí ar na h-eitiltí seo in ann taisteal ar aghaidh ó Reykjavik go dtí deich gcinn de chathracha i Meiriceá Thuaidh, agus eitiltí trasatlantacha ar phraghas íseal ó Aerfort Chorcaí ar fáil anois don gcéad uair.