Tá feachtas slua-mhaoinithe idirnáisiúnta tosnaithe ag coiste athchóirithe áitiúil i dTuaisceart na Gaillimhe in iarracht stáisiún traenach stairiúil Bhéal Átha Glúinín a thabhairt slán.

Tá cáil mhór ar an stáisiún, mar gur ann a taifeadadh cuid de na radharcanna móra atá le feiceáil sa scannán clasaiceach 'The Quiet Man'.

Deir an Coiste Áitiúil go gcaillfí cuid thábhachtach do stair scannánaíochta na hÉireann, dá dtiteadh an áit go talamh. 

66 bliain ó shin, I Mí an Mheithimh 1951, tháinig na haisteoirí mór le rá Maureen O' Hara agus John Wayne chomh fada leis an stáisiún traenach beag tuaithe i dtuaiseart Chontae na Gaillimhe chun taifead a dhéanamh ar chuid den scannán The Quiet Man.

Is sa stáisiún a taifeadadh an chéad radharc cáiliúil agus go leor radharcanna eile don scannán stáiriúil sin.

D'athraigh stiúrthóir an scannáin John Ford ainm an staisiúin ag an am go 'Castletown'.

Faraor le himeacht ama tá aois tagtha ar an stáisiúin agus an áit i ndrochstaid anois. 

Deir saineolaithe caomhnaithe go bhfuil  géarghá le hobair athchoirithe a dhéanamh ar dhíon an stáisiúin ar bhonn láithreach nó tá an baol ann go dtitfidh sé chun na talún.

Tá feachtas slua-mhaoinithe idirnáisiúnta anois tosnaithe ag an gcoiste athchóirithe  áitiúil agus súil acu 30,000 euro a bhailiú.

Is féidir le daoine ar mhaith leotha cabhrú airgead a dheonú ar an suíomh idirlín fundit.ie

Tá an grúpa ag súil go n-eireoidh lena gcuid iarrachtaí chun stáisiúin stairiúil Bhéal Átha Gluinín agus cuid luachmhar de stair scannánaíochta na hÉireann a chaomhnú.