Gearradh cúig bliana go leith priosúin le hocht mhí dhéag ar fionraí ar fhear a leag agus a mharaigh an Comhairleoir Contae, Willie Crowley as Cill Dara i Mí na Nollag 2015.

Phleadáil Damian Klasinski ciontach i dtiomáint dhainséarach go raibh bás Willie Crowley mar thoradh air i Mí na Nollag 2015.

Dúradh leis le linn na trialach nár stop sé ag láthair na timpiste, rud a dúirt an breitheamh a léirigh a laghad measa a bhí aige ar bheatha an té a mhairigh sé.

Ní raibh aon árachas gluaisteáin ach an oiread ag Damian Klasinski as The Oaks sa Drochead Nua.