skip to main content

Beirt gafa maidir le dúnmharú Noel Kirwan i mBÁC

Tá beirt gafa lena gceistiú faoi dhúnmharú Noel Kirwan in iarthar Bhaile Átha Cliath mí na Nollag seo caite.

An 22 Nollaig, bhí Noel Kirwan ina shuí ina charr in eastát Naomh Rónán, nuair a chaith gunnadóir sa chloigeann é. Bhí sé 62 bhliain d'aois.

Tugadh an gunnadóir ar shiúl i veain bhán Peugeot, a fuarthas dóite amach níos deireanaí gar do láthair na heachtra.

Measann Gardaí gur mar chuid den achrann leanúnach idir na buíonta Hutch agus Kinahan a maraíodh Noel Kirwan, ó tharla gur cara le Gerry Hutch a bhí ann.

Gabhadh fear agus bean atá beirt ina gcuid fichidí, i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath ar maidin agus tá siad á gcoinneáíl ag stáíiúin Gardaí i Leamhcán agus i mBaile Bhlainséir.