Tá grúpa tacaíochta curtha ar bun i nDún na nGall le haird a dhíriú ar an ghalar Lyme.

Dúirt Charlie Harkin, duine den lucht eagraithe, a raibh an galar ar féin, go bhfuil an galar seo ag éirí níos coitianta, agus tá sé ag iarraidh  ar dhaoine a bheith ar a n-airdeall maidir leis an ghalar agus a bheith níos eolaí faoin ghalar Lyme.

Galar baictéir atá sa ghalar Lyme a thagann ó ghreim sceartáin.

Foinse an scéil: RTÉ Raidió na Gaeltachta