Gearradh tréimhse príosúin 13 bliain ar Trevor Noone as dúnorgain an déagóra Daniel McAnaspie i 2010.

Phléadáil Daniel McAnaspie atá 29 bliain d'aois, le seoladh baile i mBaile Bhlainséir i mBleá Cliath, ciontach i ndúnorgain Daniel McAnaspie. 

Fuarthas corp an déagóra a bhí 17 bliain d'aois i ndíog dhraenála i gContae na Mí, nach mór 3 mhí i ndiaidh na heachtra sáite inar maraíodh é ag Páirc Ghleann na Tulchann ar an 26ú Feabhra 2010.

Le linn na trialach, dúradh gur mheall Trevor Noone agus fear eile Daniel McAnaspie go dtí ceantar diamhair i bPáirc Ghleann na Tulchann.

Dúirt siad leis go raibh siad chun dul ag troid le leaideanna ón gCorr Dhubh, ach ina áit sin chualthas gur sádh Daniel roinnt mhaith babhtaí le deimheas gairdín. 

Dúirt an Breitheamh gur léirigh tagairt don arm a úsáideadh chun Daniel a shá agus a mharú, díreach cé chomh tromhchúiseach is a bhí an choir.