Tógfaidh Loisceoir an Phoill Bhig a chéad sheachadadh dramhaíola inniu.

Deir oibreoir an loisceora, an comhlacht Covanta, go bhfuil súil acu go gcuirfear tús le loscadh ann faoin deireadh seachtaine agus go mbeidh an loisceoir ag feidhmiú go hiomlán faoi Mheán Fómhair. 

Dúirt John Daly go dtabharfar ualach dramhaíola iarmharach, brúscair nach féidir a athchúrsáil nó múirín a dhéanamh de ó Athchúrsáil Thorntons i mBleá Cliath chomh fada le loisceoir an Phoill Bhig inniu.

Tugadh le fios go dtiocfaidh 120 leoraí in aghaidh an lae go dtí an suíomh, naoi leoraí san uair thar 14 uair an chloig, nuair a bheidh cúrsaí ag an suíomh feidhmiú ina iomláine.