Tá sé iarrtha ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh dul siar a gcinneadh deireadh a chur leis an gcoinníoll go gcaithfeadh Gaeilge a bheith ag uachtarán nua na hollscoile.

Sa bhfógra do phost an Uachtaráin a foilsíodh ar an 13ú Aibreán, ní raibh caint ar bith go dteastódh Gaeilge ón té a cheapfar sa bpost.

Níl ráite sa bhfógra ach go bhfuil ról ar leith ag an ollscoil in earnáil ardoideachais na hÉireann le chuile thacaíocht a thabhairt don Ghaeilge agus do chultúr na hÉireann.

Dúradh go bhfuil lucht na hollscoile i mbun machnaimh faoin gcás.