Tá imní ar lucht turasóireachta in Inis Mór, Árainn faoi athruithe atá molta don áit ina scaoiltear amach daoine le dhul suas go dtí Dún Aonghusa.

Táthar ag pleanáil rothair, járbhaithe agus mionbhusanna a chur isteach  in aon láthair bheag amháin.  

Dúirt an comhairleoir contae Seán Ó Tuairisc, go mbeidh fadhbanna uafásacha ann mar gheall ar seo.

D'fhéadfadh suas le 500 duine dul go Dún Aonghusa ar rothair agus ar bhealaí eile.

Tá lucht turasóireachta ar an oileán ag moladh anois gur cheart a n-áit féin a chur ar fáil do na rothair agus do na járbhaithe mar gheall ar chúrsaí sláinte agus sábháilteachta.