Tá omós léirithe ag an Uachtarán Michael D. Higgins agus ag an Taoseach Enda Kenny do Dan Rooney, iar-ambasadóir Stait Aontaithe Mheiriceá in Éirinn a cailleadh inné.
Cheap an tUachtarán Barack Obama Dan Rooney ina ambasadóir anseo i 2009 agus d'fhan sé sa gcúram go 2012.

Bhí aithne ar Rooney mar chathaoirleach ar fhoireann peile na Pittsburgh Steelers agus mar fhear gnó ina chathair dúchais.
Bhí aithne air freisin mar dhuine de bhunaitheoirí an Ireland Fund, i dteannta Tony O'Reilly - fundúireacht a threoirigh luach na gcéadta milliúin i dtreo carthanais agus an próiseas síochana in Éirinn.
Bhí sé 84 bliain d'aois.