Deir na póilíní go bhfuil ceathrar básaithe - bean agus póilín fir ina measc - mar gheall ar ionsaí in aice pharlaimint Westminster i Londain tráthnóna. Deirtear go bhfuil roinnt daoine gortaithe freisin.

Tuairiscíodh níos luaithe gur sádh póilín agus gur lámhachadh an té a d'ionsaigh é taobh amuigh den pharlaimint. Meastar go bhfuil an té sin ar dhuine den triúr atá maraithe. 

Tuairiscítear freisin gur gortaíodh daoine eile ar dhroichead Westminster. Is cosúil gur leag feithicil iad.

Deir na póilíní i Londain gurb é a ndearcadh gur ionsaí sceimhlitheoireachta a bhí ann.