Tá Aifreann Cuimhneacháin á cheiliúradh anocht i nDoire don chúigear a báthadh amach ó Ché Bhun Cranncha i gCo.Dhún na nGall, cothrom an lae seo anuraidh.

Báthadh an cúigear nuair a shleamhnaigh an carr a raibh siad ann isteach sa bhfarraige.

Ba iad sin Sean McGrotty agus a bheirt mhac Mark agus Evan, chomh maith lena mháthair céile, Ruth Daniels agus a iníon Jodie Lee.

Sábháladh leanbh, Ríonagh-Ann, 4 mhí d'aois, san eachtra.

D'éirigh le fear darb ainm Davitt Walsh snámh amach go dtí'n carr ina raibh siad agus í a tharrtháil.

An áit a sciorr an carr i bhfarraige

Is i dTeach Pobail an Teaghlaigh Naofa, i mBaile Mhic Rabhartaigh, Doire tráthnóna inniu ar 7.15 i.n a bheidh an tAifreann ar siúl.

Beidh siúlóid chuimhneacháin i nDoire, Dé hAoine an 24ú Márta.

Rachaidh aon airgead a bhaileofar chun sochar d'fhondúireacht Taighde Evan McGrotty, a bhí ag fulaingt leis an ghalar Diostróife Mhatánach, roimh a bhás.