skip to main content

Fear 18 bliain d'aois sa chúirt faoi dhúnmharú in aighneas Hutch-Kinahan

Láthair an dúnmharaithe ag Sráid Bhun Droichid i mBAC anuraidh
Láthair an dúnmharaithe ag Sráid Bhun Droichid i mBAC anuraidh

Tugadh fear óg, 18 bliain d'aois os comhair na cúirte inniu agus é cúisithe i gceann de na dúnmharuithe bainteach leis an aighneas idir na coirpigh Hutch agus Kinahan.

Gabhadh é i Sráid Chaoimhín i mBAC ar maidin.

Tá Nathan Foley, ó dheisceart Cho.Bhaile Átha Cliath á chúisiú i ndúnmharú Dhaithí Douglas, 53 bliain d'aois, a lámhachadh sa bpríomchathair i mí Iúil anuraidh.

Is é an déagóir seo an dara duine atá cúisithe sa dúnmharú.

Cuirfear ar a thriail é sa Chúirt Choiriúil Speisialta amach anseo.