Deir an Garda atá i gceannas ar na hiarrachtaí deireadh a chur leis an easaontas idir buíonta coiriúla i lár thuaisceart na cathrach i mBaile Cliath nach bhfuil aon amhras air go mbainfear an bonn den dá eagraíocht choiriúil atá páirteach ann.
Tá deichniúr maraithe go dtí seo san easaontas idir na buíonta Kinahan agus Hutch.
Dúirt an Príomhcheannfort Pat Leahy go gcreideann sé gurb é mian bhuíon chlann Kinahan smacht a fháil ar chúrsaí coiriúlachta sa chathair amhail stíl an Mhafia.
Dúirt sé gur le bairille gunna a bhaineann an dá bhuíon ceartas amach.
Dúirt sé gur fhág obair na nGardaí i ngabháil airm agus sócmhainní go bhfuil paranóia ar na coirpigh agus nach fada anois go dtosóidh siad ag cur "daoine as an mbealach" mar gur gcreideann siad gur éasca tuilleadh baill a earcú lena gcuid coiriúlachta a dhéanamh.
Níl i ndán dóibh siúd, go háirithe iad siúd atá ag gníomhú ar imeall na mbuíonta ach seal fada i bpríosún nó "uaigh éadomhain."
Dúirt an Ceannfort Leahy nach maith le haon duine gardaí armtha a fheiceáil ar na sráideanna i dtuaisceart lár na cathrach ach go bhfuil gá leo ar mhaithe le sábháilteacht daoine a chinntiú.