Dúirt ceannasaí na háisíneachta teaghlaigh agus leanaí Tusla go bhfuil muinín an phobail san eagraíocht laghdaithe mar gheall ar chás an sceithire eolais sa Gharda Síochána an Sáirsint Maurice McCabe. 

Bhí Fred McBride ag labhairt ag coiste Oireachtais ar chúrsaí leanaí agus óige.

Tá líomhaintí go raibh feachtas ar bun le droch-chlú a tharraingt ar Maurice McCabe le fiosrú ag Binse Fiosraithe atá bunaithe ag an Rialtas. Tá ról Tusla sa chás le fiosrú ag an mBinse.

Dúirt Fred McBride nach raibh aon fhianaise aige gur le teann mailíse a ghníomhaigh aon duine san áisíneacht i dtaca le cás Maurice McCabe .