Cuireadh ar athló inniu triail Chiaráin McDonagh, 57 bliain as Cill Chiaráin i gConamara a bhí ceaptha tosú i gCúirt Choiriúil Chuarda na Gaillimhe.

Tá 110 cúis chaimiléireachta a bhaineann le híocaíochtaí leasa shóisialaigh curtha ina leith agus dúradh sa chúirt nach bhféadfaí dul chun cinn leis an triail inniu mar go raibh cúrsaí dlí fós le plé ag an dá thaobh sa chás.

Tá an cás le bheith os comhair na cúirte arís ar 10 Márta agus socrófar dáta le haghaidh na trialach an lá sin.