Easpa foirne agus sábháilteacht altraí agus othair is ábhar don ghníomhaíocht thionsclaíoch atá beartaithe ag Cumann na nAltrai agus na mBan Cabhrach an mhí seo chugainn, a dúirt ceannasaí an chearchumainn.

Deir an Cumann nach ndeachaigh moltaí Fheidhmeannacht an Seirbhíse Sláinte fada go leor lena chur ina luí ar a mbaill go bhfuil siad i ndairíre maidir le réiteach a fháil ar fhadhbanna ganntanais foirne agus earcaíochta altraí.

Rachaidh 35,000 altra i mbun oibre de réir rialach on Mháirt an 7 Márta amach.

Diúltóidh siad ragobair a dhéanamh, agus aistriú idir bardaí ospidéil le bearnaí a líonadh ach leanfaidh siad dá ndualgais ina gcuid bardaí féin.

Tá sé i gceist chomh maith go rachaidh altraí ar stailc in ospidéil géarchúraim ón tseachtain ina dhiaidh sin amach.