Tá compántas an rinceora aitheanta Michael Flatley le páirt a ghlacadh i searmanas insealbhaithe Uachtarán tofa na Stát Aontaithe Donald Trump i Washington DC amárach. Ní fíos fós, áfach, an mbeidh Michael Flatley é féin ag damhsa ar an stáitse.
Creidtear go mbeidh suas le 900,000 duine i láthair ag an searmanas idir Cnoc an Chaipeatóil agus an Teach Bán.
Beidh dianslándáil i bhfeidhm agus súil le grúpaí léirsitheoirí atá ag bagairt bóithre a bhlocáil sa chathair.