Sa Phríomh-Chúirt Choiriúil, gearradh sé bliana príosúin ar fhear 40 bliain d'aois as fear eile a mharú de bharr achrainn faoi ghlao teileafóin i mBaile Átha Cliath cúig bliana go leith ó shin. 

Phléadáil Zhen Dong Zhao, 40 bliain, as Sráid Jervis ciontach i ndúnorgain Noel Fegan i gcaifé idirlín i lár na cathrach i mBealtaine 2011. Dúradh le linn na trialach gur le ciceanna a maraíodh é. 

Bhí Zhen Dong Zhao - bainisteoir an chaifé - ciontaithe roimhe seo i ndúnmharú ach cuireadh an ciontú sin ar neamhní tar éis dó achomharc a dhéanamh. 

Dúirt an Breitheamh Patrick McCarthy go raibh iompar Zhao thar fóir ar fad. 

Dúirt muintir Fegan go raibh an-díomá orthu faoi fhad an téarma príosúin a gearradh ar Zhao.