Deir foireann rugbaí Wasps go bhfuil an-díomá orthu ach go nglacfaidh siad le  toradh an fhriosrúchán a rinne an EPCR, an grúpa a stiúrann Corn na Seaimpíní, faoi chinneadh réiteora ina gcluiche in aghaidh Chonnacht De Sathairn.

Cheadaigh an cinneadh seo do Chonnachta scór eile agus an bua fháil.

Cheadaigh an réiteoir do Chonnachta síneadh amach a fháil ó chic pionóis tar éis lán-ama, in ainneoin go bhfuil sé sin in aghaidh na rialacha.

As an síneadh amach, ghnóthaigh Naulia Dawai úd agus thug cic aistrithe Jack McCarthy an bua do na Connachtaigh.

Rialaigh an EPCR ar maidin nár cheart go seasfadh an t-úd agus an t-aistriú a fuair Connachta, ach nach bhféadfaí toradh an chluiche a athrú anois.

Réiteoir cúnta  a bhí ann an t-am sin den chluiche, de bharr ghortú a bhain don phríomhréiteoir Jerome Garces sa 72ú nóiméad.

Beidh athrú ar an riail áirithe seo ar bhonn trialach ó mhí Eanáir sa leathspéar theas agus ó mhí Lúnasa sa leathsféar thuaidh.

Ceaptar gurb é seo ba bhun leis an earráid a rinne an réiteoir cúnta.