Deir eagraíocht na Náisiún Aontaithe (UN), go bhfuil fórsaí de chuid na Siria ag dul isteach i dtithe in oirthear Aleppo agus ag marú a bhfuil istigh iontu, mná agus gasúir ina measc. 

Áirítear breis is 80 duine a bheith lámhachta a deir an UN.

Tharla sé seo de réir na dtuairiscí i 4 cheantar éagsúla sa chathair.

Deir fórsaí na Siria go bhfuil ag éirí go maith lena bhfeachtas míleata in aghaidh na reibiliúnach thall ansin agus nach fada anois go mbeidh Aleppo ar ais faoina smacht.

Ach tá na Náisiúin Aontaithe an-imníoch faoina bhfuil ag tarlú a deirtear le síbhialtaigh agus dúirt go gcaithfí an fhreagracht a bhualadh ar Rialtais na Siria agus na Rúise i dtaca le haon sléacht thall ansin.