Tugadh beirt chun an ospidéil ar maidin tar éis tine in Óstán an Marina i gcathair Phort Láirge.

Tá cóir leighis a chur ar fhear amháin in Ospidéal Ollscoile Phort Láirge as ionanalú deataigh.

Bhain mionghortuithe den dara fear nuair a thosaigh tine i gceann de sheomraí codlata an óstáin.

Cuireadh fios ar an Bhriogáid Dóiteáin roimh an 8in agus cé go raibh dhá dhosaen den fhoireann múchta tine ar an láthair, tá an tine curtha faoi smacht anois.